An M3: Cúlra
- An Próiseas Pleanála
- Imscrúdú Seandálaíochta
Tá an gá atá le bóthar nua bunaithe go maith agus tá soláthar déanta dó sa Phlean Forbartha Náisiúnta, 2000 – 2006 (PFN) agus i bPlean Forbartha Chontae na Mí. Tugadh faoi Phróiseas pleanála ceithre bliana nuair a rinneadh scrúdú ar roinnt roghanna bealaigh [Roghnú Bealaigh]. Foilsíodh an Ráiteas Tionchair Timpeallachta (RTT) don scéim agus reáchtaíodh Éisteacht Bhéil An Bhoird Phleanála ina dhiaidh sin in 2002 [www.pleanala.ie].
Rinneadh obair sheandálaíochta mar chuid den RTT a chuimsigh measúnú barrdheisce, siúl allamuigh agus suirbhé geolaíochta. Tar éis don scéim bhóthair agus an RTT a bheith faofa ag An mBord Pleanála, rinneadh tochailt lántástála ar an mbealach ar fad in 2004.
Chun críocha an imscrúdaithe seandálaíochta roinneadh fad iomlán an M3 ina chúig ''chuid'' ar leith.
- Cuid 1 Cluain Aodha go dtí Dún Seachlainn
- Cuid 2 Dún Seachlainn go dtí An Uaimh
- Cuid 3 Seachbhóthar na hUaimhe
- Cuid 4 An Uaimh go dtí Ceanannas agus Seachbhóthar an Cheanannais
- Cuid 5 Ceanannas go dtí Taobh Thuaidh den Cheanannas
Foilsíodh tuarascálacha ar Roghnú Bealaigh an M3 in 2000 agus 2001 agus foilsíodh an Ráiteas Tionchair Timpeallachta (RTT) i mí Márta 2002. Tharla Éisteacht Bhéil 28 lá ina dhiaidh sin i bhFómhar na bliana 2002, atá mionsonraithe i sé imleabhar i dTuarascáil na gCigirí. Faomhadh an scéim i Lúnasa 2003 agus tháinig sí i bhfeidhm i Meán Fómhair 2003.
Tá na tochailtí tástála ar an mbealach atá faofa críochnaithe anois. I dtéarmaí ginearálta tá láithreáin sheandálaíochta roinnte go measartha cothrom ar feadh fhad an bhealaigh agus nochtadh thart ar 160 láithreán ar fad. Is é raon dátaí na láithreán ná ón tréimhse Neoiliteach go dtí ár linn féin. Is é raon a gcuid feidhmeanna ná ó lonnaíochtaí go reiligí agus ó chairn loiscthe go dtí tornóga bríce.
Cuireadh tús le réiteach seandálaíochta na láithreán sin i mí Meithimh 2005 [NASC ANSEO CHUN TUILLEADH EOLAIS A FHÁIL FAOI IMSCRÚDUITHE AN M3]