An Próiseas Pleanála
An Próiseas Pleanála
Cuireadh an tSeandálaíocht san áireamh ó thús an phróisis phleanála don M3 agus is ceann de na slata tomhais í a úsáideadh i measúnú scéim bhóthair nua ar bith a bhí molta. I dtús báire léiríodh gach láithreán de thábhácht ar bith a raibh eolas fúthu i Staidéar Constaicí ionas go bhféadfaí iad a sheachaint, aon áit ab fhéidir. Cuireadh tús ansin le próiseas Roghnaithe Bealaigh in 1999 chun na conairí a mheas agus ailínithe éagsúla laistigh de na conairí sin [Roghnú Bealaigh] . Chomh luath agus a bhí an bealach is fearr roghnaithe, tugadh faoi Mheasúnú Tionchair Timpeallachta chun éifeacht iomlán an bhealaigh sin a mheas.
SUIRBHÉANNA BARRDHEISCE SEANDÁLAÍOCHTA
Rinneadh suirbhéanna barrdheisce don bhealach go léir mar chuid de na Staidéir Constaicí, na Staidéir Roghnuithe Bealaigh agus an RTT. Bhí na suirbhéanna bunaithe den chuid ba mhó ar TSÁ an Stáit agus ar chomhaid Thaifead na Láithreán agus na Séadchomharthaí (TLS). Scrúdaíodh comhaid thopagrafaíochta Ard-Mhúsaem na hÉireann, arb é an chartlann náisiúnta do gach déantán a bhfuil eolas fúthu é. Lena chois sin, scrúdaíodh roinnt foinsí foilsithe agus neamhfhoilsithe lena n-áirítear léarscáileanna stairiúla agus aerfhótagraif nua-aimseartha den bhealach. Rinneadh taighde ar ainmneacha bhailte fearainn féachaint an dtabharfaidís treoir maidir le séadchomharthaí a bhí dearmadta nó scriosta. Shainaithin na suirbhéanna sin go n-imreodh an bealach éifeacht ar dhá shéadchomhartha (TSÁ) – (MEO38-001 agus 002). Ba imfhálú agus córas páirceanna a bhí gar dó ag Ros a sainaithníodh mar bharrachomharthaí ó Aerfhótagraif Bhailiúchán Ollscoil Cambridge a glacadh sna 1950idí. Ní raibh gnéithe ar bith ina seasamh i gceachtar de na suímh.[ Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh sonraí faoi na himscrúduithe ag Ros ]SIÚLTA SEANDÁLAÍOCHTA ALLAMUIGH
Shiúil seandálaithe gairmiúla an bealach go léir mar chuid den RTT. Ba é ba chuspóir leis an tsuirbhé sin ná na láithreáin a bhí ar eolas ar nó gar don bhealach a scrúdú agus láithreáin nua a bhí sofheicthe ó ghnéithe ina seasamh nó trí dhéantáin scaipthe a shainaithint. Sainaithníodh 15 láithreán fhéideartha ar an mbealach uile.Bhí naoi gcinn de na láithreáin sin suite ar an gcuid Cluain Aodha – Dún Seachlainn (Cuid 1) agus ba éard a bhí iontu ná fáinne crann féideartha nua-aimseartha ag Derrockstown, láithreán dhá chuid den bhóthar iarainn leath-nua-aimseartha ligthe i léig ag Quarryland agus Bennetstown, láithreán de réir tuairisce de theach dúchasach luath-nua-aimseartha ag Pace [Fianaise scéaltach a fuarthas ó fhoinsí áitiúla le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí] agus cúig chréfort fhéideartha ag Dún Búinne (1), Piercetown (1) agus Knocks (3).
|
| Fáinne crann luath-nua-aimseartha ag Derrockstown |
Níor aithníodh láithreáin nua ar bith ná láithreáin fhéideartha i suirbhé allamuigh chuid Dún Seachlainn - An Uaimh (Cuid 2). Bhí láithreán imfhálaithe TSÁ agus an córas páirceanna ag Ros treafa nuair a rinneadh an suirbhé agus níor aimsigh sraith de shiúlta trasna na páirce potaireacht, breochloch ná ábhar loiscthe ar bith.
Sainaithníodh ceithre láithreán fhéideartha ar chuid Sheachbhóthar na hUaimhe (Cuid 3). Ba iomairí iad trí cinn díobh ag Williamstown/Bawn, Knockumber agus Boyerstown agus ba chréfort féideartha ceann ag Hanlonstown. Níor sainaithníodh láithreáin nua ar bith ná láithreáin fhéideartha i suirbhé allamuigh chuid An Uaimh - Ceanannas (Cuid 4). Sainaithníodh créfort féideartha ag Boolies ar an gcuid Ceanannas - Taobh Thuaidh de Cheanannas (Cuid 5).
Imscrúdú Seandálaíochta
- SUIRBHÉ GEOFHISICEACH
- TÁSTÁIL
- TOCHAILT
Le blianta beaga, ó comhaontaíodh Cód Cleachtais idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán agus an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta (2000), tharla mórathrú sa chur chuige seandálaíochta ar fhorbairtí bóithre náisiúnta. Is tionscnamh radacach i gcomórtas le straitéisí roimhe sin í nuair ba mhonatóireacht sheandálaíochta de lomadh barr-ithreach ag céim na tógála an bealach chun láithreáin sheandálaíochta nua a aimsiú an straitéis a úsáideadh ar scéimeanna bóthair ó 2001, ar a n-áirítear an M3. Is nuálach í an straitéis a úsáidtear anois i dtéarmaí úsáid teicníochtaí, mar shuirbhé geofhisiceach, nár úsáideadh roimhe sin ach le haghaidh tionscadal taighde. Níos tábhachtaí fós, cuardaíonn sí go gníomhach láithreáin sheandálaíochta nach raibh aon eolas fúthu roimhe sin ionas gur féidir dóthain ama agus acmhainní a thabhairt dá dtochailt agus dá dtaifeadadh sula dtosófaí ag tógáil an bhóthair.
Baineann trí chéim le himscrúduithe seandálaíochta ar an M3: Suirbhé geofhisiceach, Tástáil agus Tochailt. Is féidir cur síos ar an modheolaíocht agus achoimre ar thorthaí gach céime a fháil ach cliceáil ar na naisc thíos.