Ceisteanna a Chuirtear go Minic
- Cén fáth a dteastaíonn bóthar nua uainn?
- Cén fáth nach ndéanfaí an bealach Gorm (an bealach faofa) a athrú ar mhaithe leis na bealaí Oráiste nó Bándearg ar Chuid 2 Dún Seachlainn - An Uaimh?
- Cén fáth nach ndéanfaí an N3 atá ann a leathnú?
- Cén fáth go gcuirfí bóthar nua trí cheann de na tírdhreacha seandálaíocha is saibhre sa tír?
- Cén fáth an tírdhreach mórthimpeall ar Chnoc na Teamhrach a scrios?
- Cén fáth an M3 a shuíomh áit a scarfaidh sé láithreán Ráth Lugha ó Theamhair?
- Cén fáth an tseandálaíocht a aimseofar a scrios?
- Cén fáth nach raibh guth ag an bpobal sa bhealach a roghnaíodh?
- Cén fáth achomhal tuilsoilsithe a shuíomh (achomhal Blundelstown ag Cuid 2 Dún Seachlainn - An Uaimh) chomh gar sin do Theamhair?
-
Cad is ciall le tochailt sheandálaíoch?
- Cad a tharlaíonn nuair a dhéantar láithreán a thochailt?
- Cad a tharlaíonn do dhéantáin a aimsítear le linn an phróisis sin?
- Cad is láithreán tábhachtach seandálaíochta ann?
- Cén fáth nach mbogfaí an Mótarbhealach M3 chun láithreáin a mbaineann tábhacht sheandálaíochta leo a sheachaint?
- Cad a tharlaíonn má aimsítear fríotha nua nuair a bheidh tógáil an bhóthair tosaithe i gceart?
- Cad a tharlaíonn má thugtar láithreán a mbaineann Tábhacht Náisiúnta Sheandálaíochta leis chun solais le linn tréimhse na tógála?
- Cén fáth a bhfuil baint ag an NRA leis an bpróiseas seandálaíochta - cad tá ar eolas aige faoi chúrsaí seandálaíochta?
-
An mbeidh mé in ann na déantáin a thabharfaidh seandálaithe an NRA chun solais a fheiceáil?
- An gcuirfidh na tochailtí seandálaíochta moill ar oscailt an M3?
- Conas tá an M3 á mhaoiniú?
-
Cén fáth a dteastaíonn bóthar nua uainn?
Is príomhchuid den phlean é an Mótarbhealach M3 chun an líonra foriomlán bóithre don tír a uasghrádú. Cuirfidh sé feabhas suntasach ar naisc iompair ar bhóthar idir Iarthuaisceart agus Oirthear na tíre. Tá an chonair iompair a nascann an tIarthuaisceart, an Cabhán agus an Mhí Thuaidh le Cathair Bhaile Átha Cliath ar cheann de na cinn is gnóthaí sa tír. Is ar éigin atá an bóthar atá ann in ann déileáil leis an méid tráchta atá méadaithe go mór de bharr an leathnú daonra i mbailte ar nós Dún Seachlainn, An Uaimh agus Ceanannas, chomh maith le háiteanna eile i gContae na Mí.
Nuair a bheidh sé críochnaithe cuirfidh an M3 ar chumas gluaisteánaithe na bailte sin a sheachaint. Déanfaidh an bóthar freastal freisin ar an trácht ó gach ceann de na bailte sin agus ó bhailte eile ar nós Baile Átha Troim agus Dún Búinne. Ar an gcaoi sin cuirfidh an M3 feabhas ar an saol dóibh siúd a chónaíonn sna bailte agus do na gluaisteánaithe a bhainfidh úsáid as an mbóthar. Nuair a osclófar é, cuirfidh sé taisteal níos sábháilte agus níos gasta ar fáil do thart ar 22,000 feithicil go laethúil. Meastar dáiríre go dtiocfaidh méadú faoi dhó ar an bhfigiúr sin le linn na ndeich mbliana i ndiaidh a thógála. Mura dtógtar an bóthar anois rachaidh staid an bhóthair atá ann in olcas, éireoidh sé níos contúirtí, níos plódaithe agus ar deireadh neamh-inbhuanaithe.
-
Cén fáth nach ndéanfaí an bealach Gorm (an bealach faofa) a athrú ar mhaithe leis na bealaí Oráiste nó Bándearg ar Chuid 2 Dún Seachlainn - An Uaimh?
Is é dreach uile na Teamhrach ná mar chothrom radhairc thar na machairí taobh thiar den Chnoc. Bheadh an bealach Oráiste (iartharach) le feiceáil go hiomlán ó gach pointe ar Chnoc na Teamhrach. Rachadh sé i gcion go suntasach ar roinnt láithreán seandálaíochta go háirithe an dún déchlaíoch, Ráth Singletown, atá suite 2.5 km taobh thiar theas de Theamhair.
D'éileodh an bealach Bándearg droichead ardleibhéil thar Abhainn na Bóinne ag Ardsallagh-Corballis, chun go rachadh an bóthar taobh thuaidh de Pháirc Dealgan agus timpeall ar an droim thoipeolaíoch taobh thuaidh de Shryne. Scarfadh an bealach Bándearg limistéir chónaithe dhlúthdhaonra thart timpeall ar Shryne/Cros Shryne/McKeown Cross agus Oberstown Cross, ghearrfadh sé trí pháirc CLG agus rachadh sé gar do scoil. Is barr chnoic é an Scrín a bhfuil ardacmhainneacht sheandálaíoch ann agus d'imreodh an Bealach Bándearg atá molta iarmhairt ghéar ar an mbarrchnoic sin. I ngeall ar iargúltacht choibhneasta na mbealaí, Bándearg agus Oráiste, bheadh deacracht ag baint len iad a nascadh leis an líonra bóthair atá ann. Bheadh gá le nascbhóithre fada agus na hiarmhairtí a ghabhann le bóthar nua chun an mótarbhealach atá molta a nascadh leis na bóithre áitiúla. Chuirfeadh an Bealach Bándearg isteach freisin ar sheandálaíocht neamhthaifeadta, ach de bhrí go bhfuil sé níos faide ná an rogha atá roghnaithe, chuirfí isteach ar níos mó úinéirí talún agus níos mó de na líonraí bóthair atá ann i gcomórtas le bealaí eile. Dá bhrí sin, tá iarmhairt i bhfad níos mó ag an dá bhealach, Oráiste agus Bándearg ar an gcomhshaol.
-
Cén fáth nach ndéanfaí an N3 atá ann a leathnú?
Tá sraith de thithe cónaithe ar thaobh an N3 atá ann faoi láthair agus geataí d'fheirmeacha nó ghabháltais atá suite siar ón mbóthar. Ní fhéadfaí aon cheann de na bealaí rochtana sin a cheadú ar mhótharbhealach/carrbhóthar dúbailte. Ba ghá cuid mhaith de na foirgnimh atá ann a leagan agus beagnach gach ceann de na crainn aibí ar thaobh an N3 a leagan. Ba ghá an N3 a thochailt aníos, a athghrádú agus a athleagan síos sa chaoi go bunúsach gurbh ionann an N3 atá ann a leathnú agus bóthar nua a thógáil cuid mhaith níos gaire do Theamhair ná an bóthar atá molta, ach go mbeadh an iarmhairt ar an gcomhshaol i bhfad níos mó. Lena ais sin, bheadh an ceanglas ann freisin rogha neamh-mhótarbhealach a chur ar fáil le cuidiú leis an trácht nár mhian leo nó a mbeadh crosta orthu úsáid a bhaint as an mótarbhealach.
-
Cén fáth go gcuirfí bóthar nua trí cheann de na tírdhreacha seandálaíocha is saibhre sa tír?
Is tírdhreach saibhir seandálaíoch é Contae na Mí uile le limistéir ar nós láithreán Oidhreachta Domhanda Brú na Bóinne, Teamhair í féin, Fourknocks, Mount Oriel, Baile Átha Troim, agus Ceanannas. Gan amhras d??imreodh ceann ar bith de na forbairtí sin éifeacht ach rinneadh gach dícheall lena chinntiú go mbeidh éifeacht fhíorbheag ag an M3 ar an tírdhreach sin. Trí dhearadh cúramach ní chuirfear isteach ach ar dhá láithreán TSÁ ar an mbealach ar fad. Agus oidhreacht shaibhir an cheantair á haithint, rinneadh suirbhéanna leathana geofhisiceacha agus bogadh an bóthar le linn an RTT chun trí láithreán nua a sheachaint. Mar a raibh súil leis, aimsíodh líon mór láithreán nua ar feadh an bhealaigh ach tá minicíocht agus cineál na láithreán an-chosúil lenar aimsíodh ó fhorbairtí líneacha eile i gContae na Mí agus ar fud na tíre. Cuirfidh na fionnachtana sin go léir leis an taifead seandálaíodh bíodh siad coinnithe in situ áit ar bogadh an bóthar nó trí lántochailt seandálaíoch roimh an tógáil.
-
Cén fáth an tírdhreach mórthimpeall ar Chnoc na Teamhrach a scrios?
Níor fhan an tírdhreach mórthimpeall ar Chnoc na Teamhrach gan athrú ó aimsir na réamhstaire agus léiríonn cuid mhaith den tírdhreach atá le feiceáil inniu diméintí a cruthaíodh san 18ú agus sa 19ú céad. Imreoidh an M3 éifeacht ar an mór-thírdhreach mórthimpeall ar Chnoc na Teamhrach díreach mar a dhéanann an líonra bóithre agus na tithe atá ann anois. Ach beidh an M3 níos faide ó Theamhair ná an Bóthar N3 Baile Átha Cliath-An Uaimh atá ann mar go mbeidh sé timpeall is 1.5km ó imeall an chreasa TSÁ mórthimpeall ar Theamhair agus níos mó ná 2km ó bharr an chnoic. Rinneadh iarracht i ndearadh an bhealaigh an éifeacht a laghdú trí bhealach taobh thoir de Theamhair a roghnú seachas an taobh thiar, agus tríd an mbealach a chur go híseal sa ghleann taobh thíos de Theamhair áit a dtabharfaidh an topagrafaíocht nádúrtha, na fálta atá ann agus an tírdhreachú a bheidh plandáilte as an nua fothain ó lucht breathnaithe ar an gCnoc. Dúirt an t-ailtire tírdhreacha a rinne measúnú ar dhearbhiarmhairt don RTT ag an Éisteacht Bhéil gur mheas sé nach gcuirfeadh an M3 isteach ar an tírdhreach leochaileach mórthimpeall ar an Séadchomhartha Náisiúnta.
-
Cén fáth an M3 a shuíomh áit a scarfaidh sé láithreán Ráth Lugha ó Theamhair?
I bhfoilseachán de chuid an Discovery Programme 'Tara, an Archaelogical Survey', d'athmhínigh Newman Ráth Lugha, láithrean TSÁ atá suite 2.5km taobh thiar thuaidh de Theamhair, mar dhún cosanta imeall-aille istigh faoin tír, seachas mar ráth. Mhol Newman (1997, 200-206) go trialach d'ainneoin fadhbanna rangaithe agus dátaithe go mbeadh fonn ar dhuine é a mheas mar chuid de chrios mórthimpeall ar Theamhair.
Tá Ráth Lugha scartha inniu ó Theamhair ag an N3 atá ann agus é faoi chlúdach dlúth fásra agus crann. Ní raibh sé indéanta an M3 a sheoladh taobh thoir den láithreán. Ina ionad sin coinníonn sé le himeall an chinn tíre ardaithe ar a bhfuil Ráth Lugha suite, thart ar 20m faoi, agus ní chuirfidh sé isteach ar an láithreán é féin ná ar an radharc ar an láithreán ó Theamhair.
-
Cén fáth an tseandálaíocht a aimseofar a scrios?
Is de bharr réamhoibreacha seandálaíochta NRA do thionscadal an M3 amháin a aimsíodh gach láithreán seandálaíoch. Ní raibh aon chosaint ag ceann ar bith de na láithreáin agus dá molfaí forbairt ar mhionscála ar aon cheann díobh, is deacair a rá an ndéanfaí fiosrúchán seandálaíoch ar aon cheann acu. Déanfar láithreáin sheandálaíochta a fhionnfar ar an M3 a thochailt agus a thaifeadadh de láimh laistigh de líne an sconsa (talamh a thógfar) ar an mbóthar faoi réir ag treoracha a eiseoidh an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais ?itiúil. Déanfar miontochailt sheandálaíoch agus tuairisciú réamhthochailte ar gach láithreán a aimseofar. Cuirfear tuairisc maidir le láithreán ar bith a aimseofar chuig an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil lena bheith taifeadta sa Taifead ar Shéadchomharthaí agus Áiteanna (TSÁ). Foilseofar an tionscadal uile go hiomlán rud a chuirfidh go mór le Seandálaíocht na hÉireann i gcoitinne agus le lonnaíocht agus sochaí ársa an cheantair seo den Mhí go háirithe.
-
Cén fáth nach raibh guth ag an bpobal sa bhealach a roghnaíodh?
Ar an drochuair, tá cuid mhaith den díospóireacht faoin M3 bunaithe ar easpa eolais. Is bréagach an tuairim gur shocraigh gníomhaireachtaí rialtais agus comhlachtaí oifigiúla neamhchuntasachta an bealach go díreach ar bhonn aineolach aontaobhach. Chomh maith leis an bpróiseas leathan pleanála atá rianaithe i gCuid 2, bhí an NRA agus Comhairle Chontae na Mí go gníomhach ag iarraidh tuairimí ón bpobal agus ó phháirtithe leasmhara. Rinne breis agus 4,000 duine go hiomlán freastal ar chomhairliúcháin phoiblí le linn na mblianta 2000 agus 2001 i dtaca le pleanáil na scéime bóthair. Chuir foilsiú na Scéime Mótarbhealaigh don tionscadal M3 leis an bpróiseas chomh maith leis an Ráiteas Tionchair Timpeallachta atá gaolmhar leis. Cuireadh an dá dhoiciméad ar fáil le haghaidh breithniú agus tuairimí an phobail a fháil agus rinneadh scrúdú leathan orthu le linn éisteacht bhéil 28 lá a reáchtáil An Bord Pleanála i dtaca leis an togra scéime bóthair. Ar nós tionscadal tógála ar bith eile, bhí ar an M3 dul trí gach céim de phróis iomchuí mar atá leagtha síos i ndlí na hÉireann agus an AE.
-
Cén fáth achomhal tuilsoilsithe a shuíomh (achomhal Blundelstown ag Cuid 2 Dún Seachlainn - An Uaimh) chomh gar sin do Theamhair?
Agus an bealach molta á ghlacadh don tionscadal, tá ar an mótarbhealach M3 gabháil thar nó faoin mbóthar N3 atá ann ag pointe éigin. Sa chás seo baineann dearadh an bhóthair úsáid as an bhfíric go bhfuil ''claonas'' nó ''log'' ar an N3 taobh ó dheas de Chros Garlow. Is é sin an pointe is ísle ar an bpíosa áirithe den N3 atá ann agus ligeann sé don mótarbhealach dul thar an mbóthar atá ann leis an ardú is lú ar an mótarbhealach. San áit a thrasnaíonn an N3 agus an M3 a chéile, cuirfear dhá thimpeallán leis an mbóthar atá ann agus déanfaidh ceithre shliosbhóthar nasc ó na timpealláin go dtí an mótarbhealach. Is é sin an méid atá ag achomhal grádscartha Blundelstown, ar dearadh caighdeánach de dhlúth-thimpeallán dúbailte é - agus ní Idirmhalartú ''Achomhal Spaghetti''.
Is é feidhm Achomhal Grádscartha Blundelstown ná chun nasc riachtanach a chur ar fáil idir an N3 atá ann agus an mótarbhealach M3 agus chun ligean do thrácht mór ar dhá bhóthar thábhachtacha réigiúnacha/áitiúla dul i gceangal agus an mótarbhealach a fhágáil in ionad úsáid a bhaint as an N3 easnamhach atá ann. Rinneadh smaoineamh cúramach maidir le hionad an achomhail agus a shuíomh sa ghleann éadoimhin ag Blundelstown trína ngabhann an N3 faoi láthair, rud a laghdódh éifeacht ó thaobh amharc an mhótarbhealaigh agus an achomhail oiread agus is féidir. Tá scéim thírdhreacha a bhaineann úsáid as ceantair leathana choillearnaí atá dúchasach den chuid is mó agus claí cré forbartha le cabhrú chun an t-achomhal a chomhtháthú isteach ina thimpeallacht.
Tá soilsiú ar achomhal Blundelstown teoranta do na timpealláin bheaga, dá ngar-rochtana agus don trasnú droichid. Meastar go bhfuil sé sin inmhianaithe ó thaobh na sábháilteachta de chun an chontúirt fholaigh ag grádthimpealláin a léiriú i dtimpeallacht a bheadh saorsreabhach murach é. Ach d'úsáid an dearadh don soilsiú colúin íseal-leibhéil a chorpróidh gnéithe speisialta chun leathadh cothrománach an tsolais a bhaint de agus beidh éifeacht laghdaithe go mór mar thoradh air.
Tá an t-achomhal suite thart ar 1.2 km ó TSÁ Chnoc na Teamhrach. Dúirt an t-ailtire tírdhreacha a rinne measúnú ar an éifeacht ó thaobh amhairc de sa RTT ag an éisteacht bhéil gur mheas sé nach gcuirfeadh an M3 atá molta, ar a n-áirítear an t-achomhal ag Blundelstown, isteach ó thaobh amhairc de ar shuíomh a bhfuil tírdhreach leochaileach aige mórthimpeall ar an Séadchomhartha Náisiúnta.
-
Cad is ciall le tochailt sheandálaíoch?
Baineann tochailt sheandálaíoch le hiarsmaí tábhachtacha de ghníomhaíocht dhaonna a aistriú agus a thaifeadadh go córasach eolaíoch. Uaireanta is déantáin chorraitheacha nó luachmhara iad na hiarsmaí sin ar nós arm nó seodra. Níos minice bíonn tochailt cosúil le cineál obair dhlí-eolaíoch bhleachtaireachta - imscrúdú cúramach á dhéanamh ar ghnáthábhair de réir cosúlachta mar ola agus cloch loiscthe ar féidir leo freagraí a thabhairt ar cheisteanna faoi cad a rinne daoine san am atá caite.
-
Cad a tharlaíonn nuair a dhéantar láithreán a thochailt?
Déanann foireann de sheandálaithe cáilithe gach láithreán mar sin a thochailt ar son an NRA agus na Comhairle Contae. Is é a gcuid oibre ná eolas a aimsiú faoin am atá caite. Is é an tábhacht a bhaineann le tochailt ná go gcoimeádfaí an t-eolas le taifead. Déanann siad a gcuid oibre faoi chaighdeáin a leagann na húdaráis rialála síos ?? is iad sin an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus Ard-Mhúsaem na hÉireann.
Déantar gach ní a fhaightear ón láithreán a thaifeadadh agus déantar gach déantán a aistriú, a chaomhnú agus a chur go dtí an tArd-Mhúsaem chun iad a choinneáil slán. Is gá a chuimhniú nach bhfuil sa tochailt ach teicníocht, slí chun sonraí a fháil ar ais. Is iad léirmhíniú agus foilsiú na sonraí sin a chuidíonn chun tuiscint níos fearr a chruthú ar an am atá caite. Is léir don ÚBN go gcaithfear an t-eolas sin go léir a dhéanamh níos inrochtana go poiblí agus is cuid dá ghnó a chinntiú go sroicheann an t-eolas sin uile lucht éisteachta chomh leathan agus is féidir.
-
Cad a tharlaíonn do dhéantáin a aimsítear le linn an phróisis sin?
Déantar na fríotha go léir a thugann an NRA chun solais a bhaint amach go cúramach, a chatalógú agus ansin cuirtear iad chuig saineolaithe le staidéar a dhéanamh orthu mar chuid den phróiseas iarthochailte. Chomh luath agus a bhíonn sé sin déanta cuirtear na déantáin go dtí Ard-Mhúsaem na hÉireann lena gcur ar thaispeáint de réir mar is iomchuí.
-
Cad is láithreán tábhachtach seandálaíochta ann?
Don seandálaí baineann tábhacht le gach láithreán a bhfuil an acmhainn ann eolas spéisiúil agus luachmhar a nochtadh faoinár stair. Ach uaireanta ní féidir tábhacht chuid mhaith láithreán a nochtadh ach amháin trí thochailt sheandálaíochta. Uaireanta, áfach, tarlaíonn sé go hannamh agus go hámharach go n-aimsítear láithreán nó cineál déantáin nua atá uathúil ar fad in Éirinn. Is tábhachtach gan amhras láithreán mar sin ar féidir leis ár dtuiscint ar an aimsir atá caite a athrú ar bhealach drámatúil.
-
Cén fáth nach mbogfaí an Mótarbhealach M3 chun láithreáin a mbaineann tábhacht sheandálaíochta leo a sheachaint?
Rinneadh gach dícheall chun láithreáin aitheanta a sheachaint le linn an phróisis roghnóireachta. Rinneadh staidéar leathan chun aon láithreán nua folaigh a shainaithint a bhí anaithnid go dtí sin. Go deimhin, i gcás an M3 bogadh an bóthar chun trí láithreán den chineál sin a sheachaint. Ach i ngeall ar dhlús na láithreán seandálaíochta a mhaireann in Éirinn bheadh sé dodhéanta go praiticiúil a bheith ag bogadh líne an bhóthair go síoraí chun gach seandálaíocht a sheachaint.
-
Cad a tharlaíonn má aimsítear fríotha nua nuair a bheidh tógáil an bhóthair tosaithe i gceart?
Beidh seandálaithe lánaimseartha atá cáilithe go gairmiúil ar an láithreán i gcónaí le linn tréimhse ríthábhachtach tochailte an M3. Beidh foireann thochailte sheandálaíochta réidh ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar fhríth fhéideartha ar bith agus, más gá, a thochailt go hiomlán agus a thaifeadadh.
-
Cad a tharlaíonn má thugtar láithreán a mbaineann Tábhacht Náisiúnta Sheandálaíochta leis chun solais le linn tréimhse na tógála?
Rinneadh leibhéal staidéir agus imscrúdaithe seandálaíochta gan réamhshampla mar chuid den phróiseas pleanála agus tá sé ag dul ar aghaidh fós roimh an tógáil. Ní móide, dá bhrí sin, go dtiocfaidh aon mhórláithreán seandálaíochta chun solais le linn céim na tógála. Mar sin féin, dá dtarlódh sé, de réir reachtaíocht atá achtaithe le déanaí, bhraithfeadh sé ar rogha an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ordú a thabhairt láithreán mar sin a chaomhnú nó a thochailt.
-
Cén fáth a bhfuil baint ag an NRA leis an bpróiseas seandálaíochta - cad tá ar eolas aige faoi chúrsaí seandálaíochta?
Is é sainchúram an NRA ná bonneagar ár mbóithre náisiúnta a fhorbairt. Gan aon dul as, le linn na hoibre bíonn éifeacht ar an tseandálaíocht. Is é a deir an NRA i gcónaí ná go gcaitear cothromaíocht a bhaint amach idir cúrsaí na haimsire seo caite a chosaint agus cúrsaí na todhchaí a thógáil, agus is mar sin go díreach a chomhlíonann sé a chuid freagrachtaí. Tá foireann ghairmiúil de 20 seandálaí fostaithe ag an NRA le cinntiú go mbíonn dualgais chultúrtha na tíre agus an fhreagracht bóithre níos sábháilte agus níos fearr a chur ar fáil ag teacht le chéile. Lena chois sin, comhoibríonn an NRA leis an ngairm sheandálaíochta níos leithne le cinntiú go ndéantar a chuid oibre seandálaíochta de réir an chleachtais is fearr. Aithníonn an NRA go bhfuil sé ríthábhachtach oibriú i ndlúthchomhar le gairm na seandálaíochta le cinntiú go gcuirfimid lenár dtaisce eolais ar ár stair shaibhir.
-
An mbeidh mé in ann na déantáin a thabharfaidh seandálaithe an NRA chun solais a fheiceáil?
Déantar an obair sheandálaíochta go léir a dhéanann an NRA nó ar son an NRA a thaifeadadh agus gach tuarascáil a chuirtear ar chomhad sa Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus in Ard-Mhúsaem na hÉireann. Ar deireadh cuirtear gach déantán i dtaisce in Ard-Mhúsaem na hÉireann arb é stór an Stáit é d'earraí seandálaíochta, le haghaidh cóirithe, taispeántais agus le bheith ar fáil i gcomhair a thuilleadh taighde.
Mar a gheall Comhairle Chontae na Mí ag éisteacht bhéil an Bhoird Phleanála, is é atá beartaithe ná go ndéanfar torthaí na n-imscrúduithe seandálaíochta go léir a phoibliú. I dtús báire, cuirfear nuashonraí ar dhul chun cinn agus ar thorthaí thochailtí ar an láithreán gréasáin ar bhonn leanúnach. Foilseofar gach tuarascáil agus griangraif de dhéantáin a bhaineann le tochailtí seandálaíochta a thugtar chun solais ar láithreán an NRA. Ag tráth níos déanaí, cuirfidh sraith de thaispeántais agus d'fhoilseacháin torthaí fhríotha ar bith faoi bhráid an phobail níos leithne.
-
An gcuirfidh na tochailtí seandálaíochta moill ar oscailt an M3?
Níl fáth ar bith go gceapfaí é sin. Léiríonn torthaí na tástála go dtí seo go bhfuil neart ama ann chun gach láithreán seandálaíochta ar feadh an M3 a thochailt roimh an tógáil. Ar ndóigh, cuirfear acmhainní breise ar fáil más gá.
-
Conas tá an M3 á mhaoiniú?
Tá bóithre atá tógtha ag PPP le dola a chur orthu go ceann roinnt blianta ionas gur féidir leis an earnáil phríobháideach fáltas sách maith a fháil ar a hinfheistíocht. Ag an am céanna is eol don NRA go gcaithfidh bóthar eile saor ó dhola a bheith ann dóibh siúd nach bhfuil toilteanach na táillí a íoc. Is é glantoradh na hoibre atá á déanamh ag an NRA, le cabhair mheicníocht an PPP, ná bonneagar de bhóithre níos sábháilte ag a mbeidh caighdeán níos airde a sholáthar ar fud na tíre san am is lú is féidir. Maoineofar an M3 trí mheascán de chistí poiblí agus d'airgeadas príobháideach. Tá cuid shuntasach den infheistíocht atá molta chun ár líonra bóthair a uasghrádú á seachadadh trí Chomhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha (PPP) ar féidir leo úsáid a bhaint as airgeadas príobháideach. Is é an tuairim a bhaineann le Comhpháirtíocht Phoiblí Phríobháideach (PPP) ná dlúth-chomhoibriú a spreagadh idir an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí chun an clár foriomlán bóithre a sheachadadh agus an earnáil phríobháideach ag cabhrú chun cuid den chostas atá i gceist a mhaoiniú. Gan na PPPanna ní fhéadfaí an clár bóithre a chríochnú agus bheadh cuspóirí foriomlána na forbartha réigiúnaí agus an fháis eacnamaíoch faoi bhagairt.