Próifíl ODBN
Faoi Acht na mBóithre, 1993, tá freagracht fhoriomlán ar an Údarás um Bóithre Náisiúnta as pleanáil agus maoirseacht a dhéanamh ar oibreacha le haghaidh tógáil agus cothabháil bhóithre náisiúnta. Tá an dualgas ar an Údarás a shocrú, chomh fada agus is féidir, go ndéanfadh an t-údarás ábhartha áitiúil cuid mhaith dá chuid feidhmeanna ar a shon, ar a n-áirítear pleanáil agus dearadh tionscadail agus oibreacha tógála agus cothabhála a chur i gcrích.
I bhfianaise an chlaonadh i dtreo tionscadail de mhéid níos mó, a leathann, i mórán cás, thar breis agus ceantar feidhmeach údaráis áitiúil amháin, bhunaigh an tÚdarás i gcomhar le húdaráis áitiúla, córas dOifigí Deartha Bóithre Náisiúnta, agus tá oifigí ag oibriú anois in aon cheann déag de shuímh: Luimneach, Cill Dara, Corcaigh, Ciarraí, Gaillimh, Maigh Eo, an Mhí, Roscomáin agus an Iarmhí.
Chruthaigh struchtúr na hOifige Deartha Réigiúnaí gur meicníocht éifeachtach é chun an clár bóithre náisiúnta a sheachadadh agus tá ról lárnach leanúnach cinntithe aige do na húdaráis áitiúla atá i gceist maidir le pleanáil scéime bóthair, gnáthaimh reachtúla iomchuí agus tógáil.
SEANDÁLAITHE TIONSCADAIL LAISTIGH DEN ODBN
Imríonn an NRA ról príomhúil i maoiniú agus i mbainistiú an imscrúdaithe seandálaíochta agus i réiteach chéimeanna ar-suímh agus iarthochailte de scéimeanna bóthair.I mí Meithimh 2000, comhaontaíodh agus seoladh Cód Cleachtais idir an Údarás um Bóithre Náisiúnta agus an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán. Is éard is cuspóir leis an gCód seo ná creat oibre a sholáthar laistigh den reachtaíocht agus na polasaithe atá ann le cur ar chumas an Údaráis um Bóithre Náisiúnta (NRA) dul chun cinn lena chlár oibre laistigh damscála an Phlean Fhorbartha Náisiúnta 2000-2006, agus ag an am céanna aird á tabhairt ar shraith prionsabail agus gníomhaíochtaí atá comhaontaithe ag an dá pháirtí.
Fostaíonn an NRA beirt sheandálaithe go díreach agus maoiníonn sé, trí údaráis áitiúla, 13 Seandálaí Tionscadail agus 8 Seandálaí Cúnta. Is é an ról atá ag seandálaí an NRA ná maoirseacht a dhéanamh agus comhsheasmhacht chur chuige a fhorbairt do sholáthar sheirbhísí seandálaíochta agus imscrúdú/réiteach/foilsiú seandálaíochta. Is é ról an tSeandálaí Thionscadail ná gnéithe seandálaíochta de thionscadail bhóithre náisiúnta a bhainistiú. Corpraíonn sé sin na céimeanna réamhphleanála de dhearadh bóthair go dtí céimeanna an imscrúdaithe agus céimeanna an réitigh seandálaíochta, go dtí an iarthochailt agus foilsiú torthaí.
COMHAIRLE CHONTAE na MÍ
Is í Comhairle Chontae na Mí an t-aonad príomhúil dÚdarás Áitiúil i gContae na Mí agus bunaíodh í in 1899 tar éis achtú don Acht Rialtais Áitiúil (Éire) in 1998. In 1999 tugadh aitheantas bunreachtúil don chéad uair do Rialtas Áitiúil. Tá 29 ball sa Chomhairle atá tofa go díreach ag córas ionadaíochta cionmhaire trí mheán vóta aonair inaistrithe. Reáchtáiltear toghcháin gach 5 bliana.Aicmítear feidhmeanna na Comhairle ina 8 ngrúpa cláir, i.e. tithíocht, iompar, uisce agus séarachas, pleanáil agus forbairt, timpeallacht, áineas agus taitneamhacht, talmhaíocht oideachas leas, agus seirbhísí ilghnéitheacha. Tá cumhachtaí de chumas ginearálta ag an gComhairle chun gníomhaíocht a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail áitiúil.
An tÚDARÁS UM BÓITHRE NÁISIÚNTA (NRA)
Bunaíodh an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta (NRA) go foirmiúil mar chomhlacht neamhspleách reachtúil faoi Acht na mBóithre, 1993 le héifeacht ó 1 Eanáir, 1994. Is cuid de straitéis fhoriomlán an Rialtais é clár forbartha bóthair an NRA le haghaidh fhorbairt an bhonneagair náisiúnta, atá sa NDP, 2000-2006.