Próifíl na gComhairleoirí

COMHAIRLEOIR N3 NA MÍ

Cuireadh an N3 Meath Consult Joint Venture (N3MCJV), comhfhiontar idir Arup Ireland Ltd, Halcrow Barry Consulting Engineers Ltd agus MCOS Consulting Engineers Ltd (anois RPS – MCOS Ltd) le chéile in 2002 chun tabhairt faoi ról an Ionadaí Teicniúil don Chliant le haghaidh na Scéime CPP M3 Cluain Aodha – Taobh Thuaidh de Cheanannas. Roimhe sin bhí Arup, Halcrow Barry agus MCOS tar éis tabhairt faoi na céimeanna a bhain le constaicí agus roghnú bealaigh mar ullmhúchán don réamhdhearadh agus an RTT, an CPO agus an Éisteacht Bhéil don Scéim ar éirigh leo. I ndiaidh chinneadh An Bhoird Phleanála, d’fhorbair N3MC na dearaí agus dhréachtaigh an doiciméadú teicniúil conartha don Údarás um Bóithre Náisiúnta agus do Chomhairle Chontae na Mí agus faoi láthair tá comhairle theicniúil á cur ar fáil acu le linn Phróiseas Fála an PPP.

ARCHAEOLOGICAL CONSULTANCY SERVICES LTD.

Is cleachtas gairmiúil seandálaíochta é Archaeological Consultancy Services Ltd (IAC) a bunaíodh in 1992 agus atá bunaithe i nDroichead Átha, Contae Lú. Rinne ACS tástáil sheandálaíochta in 2004 ar Chodanna 1 (Cluain Aodha – Dún Seachlainn), 2 (Dún Seachlainn – An Uaimh) agus 3 (Seachbhóthar na hUaimhe) den bhealach M3 atá molta agus beidh tuilleadh réitigh sheandálaíochta á déanamh acu do gach ceann de na trí chuid sin. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi ACS ag www.acsltd.ie.

IRISH ARCHAEOLOGICAL CONSULTANCY LTD. 

Is cuideachta gairmiúil seandálaíochta iad Irish Archaeological Consultancy Ltd (IAC) a bunaíodh in 1998 agus tá siad bunaithe i mBaile Átha Cliath agus i bPort Láirge. Rinne IAC an tástáil sheandálaíochta in 2004 ar Chodanna 4 (An Uaimh – Ceanannas) agus 5 (Ceanannas – Taobh Thuaidh de Cheanannas) den bhealach M3 atá molta agus déanfaidh siad an réiteach seandálaíochta do gach ceann de na codanna sin. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi IAC ag www.iac.ie.